Dublin schools in All Ireland action

(03 Feb 2012)

 Best of luck to St. Dominic's College, Cabra, who are playing in the All-ireland Junior Quarter Final on Saturday, 4 February in the County Camogie Grounds, The Ragg, Co. Tipperary and to Cloaiste Iosagain who play St. Finnians of Mullingar in Dublin in the semi-final on Saturday, 11 February. 

Colasite Iosagain defeated Millstreet of Cork in the Quarter Final (Senior D)

 

Report from the Colaiste Iosagain v Millstreet Qr. Final

Ar an naoiú lá is fiche Eanair 2012 bhí bua iontach ag foireann camógaíochta sinsearach Coláiste Íosagáin. Thaistil siad síos go Chorcaí, chroí lár na camógaíochta, go moch maidin Domhnaigh. I gcoinne Millstreet a bhí an cluiche seo, agus ní raibh mórán ag súl go dtiocfadh na cailíní abhaile le bua. Ach is é sin a rinne na cailíní cróga Coláiste Íosagáin. Roimh an gcluiche, bhí na cailíní sceitimíneach ach neirbhíseach, ach i ndiaidh óráid an chaiptéan, Lucy Ní Chonchubair ‘sna seomraí gléasadh, bhí gach duine réidh le teacht amach agus an bua a tharraingt as an gcluiche trí bháis nó saoil! I ndiaidh an taobh suas, bhí an fhoireann go hiomlán réidh an chluiche a imirt, agus ba chuma leo faoi na coinníollacha deacaire a bhí rompú.
Bhí tús láidir ag Milltown, agus léirigh siad go raibh an bua de mhian acu chomh maith le cailíní Coláiste Íosagáin. Áfach, bhí na cailíní ar a gcosaint agus choimead siad ag déanamh a míle dhícheal. D’éirigh le Michelle Ní Uirthile poínte a bhaint amach agus chuir sin na cailíní ar a suaimhneas. Ansin bhí cúl iontach ag Jane Nic an Tuile, a thug féinmhuinín agus breis fuinnimh don fhoireann. Chuir Millstreet poínte ar chlár na scór ach d’aishfhreagair Coláiste Íosagáin le cúil agus pointí iontacha ó Shauna Nic Giolla Bhríde agus Michelle Ní Uirthile agus faoi leath ama bhí siad chun tosaigh le 3-4 go 0-3.
Lean an chaighdeán imirthe ón dá fhoireann sa dara leath agus bhain Millstreet geit as na cailíní le dhá chúl glice. Níor chroim na cailíní a gcinn, agus d’asifhreagair siad arís le cúl dá chuid féin agus pointí ó Michelle Ní Uirthile agus Jane Nic an Tuile. Bhí an fhoireann ó Mhillstreet ag cur gach rud abhí acu isteach sa dara leath sin, ach trí chosaint iontach ag na chúlaí Coláiste Íosagáin, níor éirigh le Millstreet aon fíor-dhamáiste a dhéanamh. B’é scór an cluiche ná 4-8 go 2-4, agus mar sin tá an foireann camógaíochta sinsearach Coláiste Íosagáin imithe tríd go leath-chraobh na hÉireann. Beidh siad ag imirt i gcoinne St Finnians, agus bronaimid gach dea-ghuí orthu sa leath chraobh!
P.S Ba mhaith linn comhghairdeachas sáinniúl a dhéanamh leis na ‘’Wondersubs.’’ Bhí siad, mar a bhíonn siad i gcónaí, ar fheabhas.

Le Jane Nic an Tuile agus Aedín Ní Dhónaill.
 



Bookmark and Share


join us on Facebook   Follow us on Twitter

© 2024 Dublin Camogie County Board

Web Design Dublin by Webtrade.ie.

Web design sponsored by Webtrade.ie
Image